an tuaisceart
an tuaisceart
Tá bearna mór nochtaithe ag suirbhé nua ón Roinn Pobail idir fiosracht daoine óga agus seicteachas aicme pholaitiúil Stormont. Deir breis is ceathrú (26%) de dhéagóirí Protastúnacha gur mian leo an Gaeilge a fhoghlaim, agus 16% ag iarraidh go sonrach í a fhoghlaim sa seomra ranga, mar aon le ceathrú de dhaltaí Caitliceacha go dteastaíonn úatha Albainis Uladh a fhoghlaim. Ach níl ach 8% de dhaltaí Protastúnacha go bhfuil aon eolas acu ar an nGaeilge faoi láthair. Mar a thugann Niall Páirc ó Turas Oirthear Bhéal Feirste le fios, níl na múinteoirí ná na hachmhainní ag scoileanna stáit chun freastal ar an spéis seo.
Leis an cúlra seo, tá Achainí Imní (Petition of Concern) eisithe ag an DUP, le tacaíocht ón TUV, chun veto a chur ar Bhille Plean Fórsa Saothair Oideachais Lán-Ghaeilge Shinn Féin (Irish medium Education Workforce Plan Bill). Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil stair fada ag polaiteoirí an DUP maidir le ráitis gránna, maslacha agus seicteacha a dhéanamh faoin Gaeilge, agus tá na gníomhartha seo go hiomlán i gcomhréir leis an traidisiún sin.
Gantannas múinteoirí
Ag a chroílár, is píosa reachtaíochta bunúsach, riachtanach é an bille seo. Ní thugann sé aon bhuntáiste speisíalta; ní gá ach go ndéanfadh an Roinn Oideachais pleanáil do go leór foirne: go leor múinteoirí, cúntóirí ranga, agus foireann riachtanais speisialta oideachais (SEN) a oiliúint chun freastal ar an éileamh atá ag méadú agus chun teanga mhionlaigh atá i mbaol, a chosaint. Rud ríthábhachtach, trí aghaidh a thabhairt ar ghantannas múinteoirí, tabharfaí cumas do scoileanna stáit an Gaeilge a thairiscint do na mílte dalta Protastúnach ar mian leo í a fhoghlaim.
Ina áit sin, tá pionós á chur ar pháistí agus ar theaghlaigh. Leanann an veto seo athtreorú le déanaí ag an Aire Oideachais, Paul Givan, ar £5 milliún as £6 milliún a táirgeadh do áiseanna scoile trí mheán na Gaeilge. Is seasamh lom seicteach é seo ag an DUP, chun eite dheis an pháirtí a threisiú tar éis dóibh a bheith faoi cháineadh géar ó aontachtaithe crua as diúltú an Tionól a chur as a chéile mar gheall ar an cunspóid faoí Droim Crí.
Léiríonn an toilteanas seo acmhainní a bhaint den earnáil trí mheán na Gaeilge, cruachroíchas na ndaoine a chuir i gcoinne Bhille Íocaíochtaí Béilí Saoire (Holiday Meal Payments Bill) le déana. An toradh ar sin ná páistí ar ioncam íseal a ligint le hocras i rith sosanna scoile. Is suntasach an rud é, cé gur chuir polaiteoirí aontachtacha i gcoinne bia a thabhairt do leanaí ocracha ar fúd na bpobal uile, nár chuir siad Achainí Imní i bhfeidhm chun cosc a chur ar an reachtaíocht áirithe seo atá i bhfad níos déine. Choineál síad a cumhacht veto go speisíalta chun pointí seicteacha a scóráil.
Ciorraithe buiséid
Mar sin féin, tá Sinn Féin i bhfad ó bheith gan locht. Trí bhrandáil na Gaeilge gan stad mar talisman claonta lena chinniúint pholaitiúil féin, imríonn Sinn Féin go díreach isteach i lámha an DUP. Cabhraíonn seo le polaiteoirí aontachtacha eagla a chur ar Protastúnaigh den lucht oibre. Ina theannta sin, tá fearg Shinn Féin, maidir leis an cunspóid seo, bréagach nuair a cítear an méid a dhein síad féin san Fheidhmeannas thar na blianta. Bhí tionchar trom ag buiséid déine a chuir airí Sinn Féin i bhfeidhm ar oideachas trí mheán na Gaeilge agus ar phobail lucht oibre. In ainneoin reitric gan teorainn, níor bhagair aon pháirtí i Stormont, Sinn Féin san áireamh, an Tionól a dhúnadh mura maoíneódh rialtas na Ríochta Aontaithe Tuaisceart Éireann, lena n-áirítear aisíocaíocht chuí, ar leibhéal a bheadh comhréireach lena riachtanas agus i gcomhréir leis na riaracháin dhíláraithe eile.
“Achainí Imní” Seicteacha
Léiríonn an muga magadh seo nádúr lofa na hAchainí Imní féin. Tá an veto ann toisc go ndéanann structúirí pholaitiúla Thuaisceart Éireann seicteachas a institiúdiú. Is é seo go díreach an chúis nach féidir leis na páirtithe bunaithe é a scriosadh agus nach ndéanfaidh siad amhlaidh. Oireann sé do na bainisteoirí agus don aicme pholaitiúil an lucht oibre a choinneáil deighilte ar línte seicteacha. Cé go spreagtar oibrithe chun argóint a dhéanamh faoi phleanáil bhunúsach fórsa saothair san oideachas, atreoraítear an áird ó shanntacht ollmhór na ndaoine olsaibhre agus ó chomhpháirteachas agus neamhinniúlacht airí Stormont atá ag cur déine i bhfeidhm.
Cuireann sóisialaigh rogha eile fíor ar fáil. Seasann muid ar son an chirt dhaonlathaigh iomlán chun foghlaim agus oideachas a fháil trí Gaeilge, mar aon le leathnú ollmhór ar oideachas ardchaighdeáin, comhtháite, do gach leanbh. In ionad scoileanna a chur i gcoinne a chéile le haghaidh brúscar ó bhuiséad atá ag crapadh, teastaíonn athchóiriú radacach ar an gcóras oideachais úainn, arna mhaoiniú trí shaibhreas ollmhór, carntha, billiúnaithe agus corparáidí a bhfuil níos mó acu ná mar a d’fhéadfaidís a chaitheamh i ndeich saol, a thógáint isteach in úinéireacht phoiblí agus é a infheistiú i dtodhchaí ár leanaí.